Fáilte go dtí Tionscadal DICE
Is tionscadal straitéiseach náisiúnta oideachais é DICE atá á chur i bhfeidhm ag na ceithre institiúid comhpháirtíochta atá freagrach as oiliúint tosaigh múinteoirí ar an mbunleibhéal.
Aidhm
Is é an aidhm atá againn ná oideachas forbartha idirchultúrtha a chomhtháthú san Oiliúint Tosaigh Múinteoirí ar an mbunleibhéal agus cumas agus saineolas na foirne a fhorbairt agus a leathnú.
Dul i bhFeidhm
Cuirtear an t-eolas, na scileanna, na luachanna, na smaointe agus na hinniúlachtaí ar fáil do mhúinteoirí faoi oiliúint a bheidh ag teastáil uathu chun oideachas forbartha agus idirchultúrtha a chomhtháthú ar fud churaclam na bunscoile.
Previous slide
Next slide

Seo DICE

Tionscnamh náisiúnta oideachais is ea DICE, lena gcuirtear chun cinn comhtháthú an oideachais forbartha agus an oideachais idirchultúrtha san Oiliúint Tosaigh Múinteoirí ar an mbunleibhéal in Éirinn.

Bíonn DICE ag obair chun tacú le múinteoirí, oideoirí agus múinteoirí faoi oiliúint sna ceithre institiúid comhpháirtíochta chun meonta agus téamaí domhanda agus idirchultúrtha a chomhtháthú ina gcleachtas múinteoireachta. 

Trí dhíriú ar scileanna, eolas agus luachanna na ndaoine a bhfuil baint acu le hoideachas, féachann DICE le dlúthpháirtíocht dhomhanda, cearta an duine agus forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn, agus le cuidiú le daoine leatrom agus neamhionannas a aithint agus cur ina gcoinne, ina gceantair féin agus ar an leibhéal domhanda.

An Obair a Dhéanaimid

An Obair a Dhéanaimid Faoin Tionscadal DICE, déantar oideachas forbartha agus idirchultúrtha a chomhtháthú i gcláir Oiliúna Tosaigh Múinteoirí ar an mbunleibhéal i gceithre institiúid comhpháirtíochta.

DE & ICE

Is bealach é an tOideachas Forbartha agus Idirchultúrtha chun iniúchadh a dhéanamh ar shaincheisteanna domhanda agus tabhairt faoi fhoghlaim faoin saol atá romhainn go léir ar domhan. 

Maidir le DICE

Tionscadal oideachais comhoibríoch idir Institiúid Oideachais Marino, Ollscoil Mhá Nuad, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus Coláiste Mhuire gan Smál 

Acmhainní

Féach anseo le haghaidh sonraí faoi leabhair, suímh ghréasáin, eagraíochtaí, físeáin agus ábhair a d’fhéadfadh a bheith úsáideach agus DE/ICE á chomhtháthú sna seomraí ranga

Nuacht agus Imeachtaí

Scéalta agus léirmheasanna a bhfuil baint acu leis an Oideachas Forbartha agus Idirchultúrtha, Naisc le hImeachtaí atá ag Teacht Aníos. 

Míníonn mic léinn agus múinteoirí ó Roinn Froebel um Oideachas Bunscoile agus Luath-Óige in Ollscoil Mhá Nuad céard é DICE (Oideachas Forbartha agus Idirchultúrtha) agus conas a mhúintear é.

Tá forléargas maith anseo ar an tionchar a bhíonn ag DICE ar dhaltaí agus ar an gcaoi a dtugtar prionsabail agus luachanna an oideachais idirchultúrtha isteach sna seomraí ranga.

Eagraíochtaí Comhpháirtíochta

Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipiscing elit. Ut elit tellus, luctus nec ullamcorper mattis, pulvinar dapibus leo.

Nuacht faoi Thrácht

Malcare WordPress Security