An Obair a Dhéanaimid

An Obair a Dhéanaimid

Is iad na haidhmeanna atá le DICE:

  • Cumas agus saineolas na mball foirne a fhorbairt agus a leathnú sna ceithre institiúid comhpháirtíochta 
  • an t-oideachas forbartha agus idirchultúrtha a leabú mar ghnéithe bunriachtanacha den oiliúint tosaigh múinteoirí ar leibhéal na mbunscoileanna in Éirinn
  • Cur leis an acmhainneacht atá ag léachtóirí agus múinteoirí faoi oiliúint ionas go mbeidh tuiscint ag na múinteoirí nua-cháilithe ar an oideachas forbartha agus idirchultúrtha, go mbeidh meon díograiseach acu ina leith, agus go mbeidh na scileanna agus luachanna teagaisc acu chun na hábhair sin a mhúineadh ar bhealach éifeachtach 
  • Leis an obair a dhéanann DICE, cuirtear an t-eolas, na scileanna, na luachanna, na smaointe agus na hinniúlachtaí ar fáil do mhúinteoirí faoi oiliúint a bheidh ag teastáil uathu ionas go mbeidh siad in ann an aidhm fhoriomlán atá againn a bhaint amach, is é sin an t-oideachas forbartha agus idirchultúrtha a chomhtháthú ar fud an churaclaim bunscoile.

Baintear amach an méid sin trí na ceithre Shnáithe Oibre atá inár bPlean Straitéiseach:

  • Snáithe 1 – Oiliúint Múinteoirí
    • Modúil i ngach institiúid – croí-mhodúil agus sainmhodúil
    • Forbairt Ghairmiúil Leanúnach
    • Imeachtaí Pobail Cleachtais agus imeachtaí do Mhúinteoirí faoi Oiliúint
    • Rannpháirtíocht le Daoine agus Eagraíochtaí Éagsúla
  • Snáithe 3 – Spásanna inar féidir Comhoibriú
    • Pobal Cleachtais agus naisc le páirtithe leasmhara eile 
    • DICE Conference
  • Snáithe 2 – Measúnacht agus Taighde
    • Freastal ar chomhdhálacha agus cuir i láthair a dhéanamh
    • Cás-staidéir agus forbairt taighde
    • Monatóireacht agus meastóireacht ar DICE
  • Snáithe 4 – Rannpháirtíocht le Scoileanna agus Páistí
    • Socrúcháin scoile
    • Acmhainní do pháistí 
    • Acmhainn mhachnaimh le haghaidh socrúcháin scoile 
    • Acmhainní DE/ICE a aistriú go Gaeilge 
Malcare WordPress Security