DE & ICE

DE agus ICE

Is iomaí sainmhíniú atá ag cleachtóirí in Éirinn ar an oideachas forbartha. Measann roinnt oideoirí forbartha nach bhféadfar sainmhíniú docht a thabhairt ar an oideachas forbartha gan é a fhréamhú i bpointe ama ar leith agus, ina ionad sin, gur iomchuí caitheamh leis mar phróiseas luaineach a fheidhmíonn laistigh de chomhthéacs athraitheach eacnamaíoch, sóisialta agus polaitiúil (McCloskey, 2014, lch. 3). Sa sainmhíniú bunaidh a rinne Cúnamh Éireann air, sonraítear gur próiseas gníomhach foghlama é an t-oideachas forbartha:

... lena bhféachtar le cur le feasacht agus tuiscint an phobail ar an domhan seo ina gcónaímid, domhan atá ag athrú go tapa agus atá idirspleách agus éagothrom. Déantar iarracht leis daoine a mhealladh chun páirt a ghlacadh mar shaoránaigh san anailís, sa mhachnamh agus sa ghníomhaíocht ina gceantair féin agus ar an leibhéal domhanda (Cúnamh Éireann, 2007).

Bíonn cleachtóirí oideachais forbartha sa Ríocht Aontaithe agus san Eoraip ag feidhmiú ar bhonn pointe tosaigh dá leithéid agus is amhlaidh ina gcuid sainmhínithe go léir gur próiseas dinimiciúil, rannpháirteach é an t-oideachas forbartha a bhfuil sé ina aidhm leis cur leis an tuiscint atá ag daoine ar an neamhionannas ar domhan agus ar an gcaoi a bhfuil daoine agus imeachtaí ar fud na cruinne idirnasctha le chéile. Ionas go mbeidh teagasc agus foghlaim dírithe ar an oideachas forbartha, ba cheart meonta éagsúla a áireamh ann, mar aon le smaointeoireacht chriticiúil agus nasc idir an ghné áitiúil agus an ghné dhomhanda, agus ba cheart a spreagadh leis go ndéanfaí gníomh ar mhaithe le saol níos cothroime. San oideachas forbartha, cuirtear ceisteanna faoi chaidreamh polaitiúil agus caidreamh cumhachta éagothrom idir na náisiúin i mbéal forbartha agus na náisiúin fhorbartha agus spreagtar muid chun machnamh a dhéanamh ar an méid a chuirimid féin leis an éagóir ar domhan.

 

Réimsí oideachais ‘a ngabhann aidiachtaí leo’

Is casta, conspóideach an disciplín é an tOideachas Forbartha. Chomh maith le sainmhíniú a thabhairt air, ní mór dúinn a theacht ar thuiscint ar an ngaol atá idir é agus réimsí oideachais eile atá bunaithe ar shaincheisteanna. Ó thaobh DICE de, tá sé tábhachtach a thabhairt ar aird go samhlaítear an t-oideachas forbartha in Éirinn, go háirithe san oiliúint tosaigh múinteoirí, leis an oideachas idirchultúrtha (ICE). Is é an coincheap atá ag CNCM gur réimse oideachais é ICE lena léirítear meas ar an éagsúlacht agus lena ndéantar í a cheiliúradh mar ghnáthrud, agus lena dtacaítear le daltaí claonadh agus leatrom a aithint ina saol féin ó lá go lá, agus cur ina gcoinne (CNCM, 2005). Is iad na príomhluachanna céanna is bonn leis an oideachas idirchultúrtha agus an oideachas forbartha, a bheag nó a mhór (Fitzgerald, 2007), agus dírítear go háirithe sa dá réimse sin ar bhonn ceartais shóisialta agus ar scafall a chur faoin bhfonn gníomhaíochta a bhíonn ar na daltaí.

Leis an oideachas síochána, bítear ag iarraidh teacht ar thuiscint níos fearr ar an idirghaolmhaireacht ar domhan agus, toisc go gcuirtear béim sa réimse sin ar an nasc idir an ghné áitiúil agus an ghné dhomhanda, cuireadh le fairsinge an léargais atá againn i réimse an oideachais forbartha. Dhá réimse oideachais eile atá bunaithe ar shaincheisteanna agus a tháinig chun cinn sna 1970í is ea an t-oideachas comhshaoil agus an t-oideachas i gcomhair forbairt inbhuanaithe. Ach oiread leis an oideachas forbartha, leagtar béim leo ar chur chun cinn na forbartha inbhuanaithe. Gné lárnach eile den tuiscint atá againn ar an oideachas forbartha is ea an teoiric a thagann ó réimse an oideachais i dtaobh na todhchaí. Áitíonn Hicks go gcaithfimid teagasc le haghaidh an tsaoil atá romhainn agus go leanfaidh an tsochaí ar aghaidh ag ceapadh réitigh ghearr-radharcacha ar fhadhbanna fadtéarmacha mura dtugaimid faoin smaointeoireacht chriticiúil faoi chineálacha eile saoil a d’fhéadfaí a chothú (2008; 1995). Is é an bonn eolais céanna atá faoin oideachas forbartha agus faoin oideachas um chearta an duine freisin, agus baineann na próisis chéanna leo: bítear ag breathnú sa dá réimse sin ar an mbrí atá le cearta agus ar na luachanna is bonn leo. Is réimse tras-earnálach é an t-oideachas um chearta an duine (Waldron & Ruane, 2011), ar nós an oideachais forbartha, a fheidhmíonn thar raon leathan soláthraithe agus spriocghrúpaí.

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhfuiltear ag imeacht le blianta beaga anuas ón téarma ‘oideachas forbartha’ i dtreo an fhocail ‘domhanda’ (Bourn, 2014). Áitíonn Scheunpflug (2013) go bhféadfadh sé go bhfuil lárionaid chumhachta ar domhan i sochaí atá éirithe níos domhandaithe, ach gur ag éirí níos deacra agus níos deacra atá sé anois a shainiú cá bhfuil siad. Tá an domhan, dar léi, i bhfad níos casta ná ‘Domhan Thuaidh agus Domhan Theas’, agus bheadh ‘foghlaim dhomhanda’ ina freagra níos oiriúnaí ar an domhandú ó thaobh an teagaisc de. Go deimhin, úsáideann formhór thíortha na hEorpa an téarma ‘Oideachas domhanda’ ina gcuid oibre sa réimse seo. Tagann an sainmhíniú ar an Oideachas Domhanda ó Dhearbhú Maastricht ar Oideachas Domhanda san Eoraip (2003). 

Is éard atá i gceist leis an Oideachas Domhanda ná oideachas lena n-osclaítear súile agus intinn daoine maidir le staid an domhain, agus lena músclaítear iad chun spéis a chur i saol ina mbeidh ceartas, cothromas agus cearta daonna níos fearr ann do chách (An Chomhdháil um Oideachas Domhanda, 2003).

Uaireanta úsáidtear an téarma ‘Oideachas Saoránachta Domhanda’ mar rogha eile ar oideachas forbartha. Breathnaítear air sin go ginearálta mar chur síos is fusa a thuiscint, toisc go bhfuil easaontas ann faoin téarma ‘forbairt’ agus go bhfuiltear tosaithe ag plé le réimsí níos fairsinge ná saincheisteanna forbartha amháin anois faoi chuimsiú dhisciplín an oideachais forbartha.

Baineann castacht an-mhór leis na coincheapa is bonn leis an oideachas forbartha agus leis an teagasc sa réimse sin, rud a eascraíonn as an éagsúlacht agus an iolrachas is sainghné de (Bryan agus Bracken, 2011). Mar thoradh air sin, is é an taobh dearfach den chastacht sin ná go mbaintear leas san oideolaíocht is bonn leis an oideachas forbartha as an iliomad dearcthaí agus as eolas fairsing idirdhisciplíneach. Leis an saibhreas agus an éagsúlacht sin, is féidir féachaint chuige go dtugtar faoin teagasc agus faoin bhfoghlaim a bhaineann leis an oideachas forbartha agus leis an oideachas idirchultúrtha araon ar bhealach barántúil, comhleanúnach atá suite sa chomhthéacs ceart.

Malcare WordPress Security