Ár bhFoireann

Ár bhFoireann DICE

Is ceithre institiúid oideachais tríú leibhéal atá ina gcomhpháirtithe sa Tionscadal DICE agus déanann léachtóir ó gach institiúid oideachais aonair ionadaíocht orthu ar fad ar Fhoireann DICE. Tá Comhordaitheoir Tionscadail i bhfeighil na hoibre a dhéantar ar an Tionscadal DICE ó lá go lá. 

Cuireann baill foirne DICE an Plean Straitéiseach i bhfeidhm trí ghníomhaíochtaí agus cláir, agus soláthraíonn siad eolas do na daoine a ullmhaíonn tuarascálacha i gcomhair Chúnamh Éireann agus i gcomhair an ghrúpa CHOICE. Cuidíonn siad freisin le haighneachtaí a dhéanann DICE agus cuireann siad bonn eolas faoi phleananna straitéiseacha don am atá le teacht. 

Laistigh de gach institiúid, tagann comhghleacaithe leo le chéile i bpobal cleachtais a thacaíonn leis an obair a dhéanann DICE. Agus iad ag obair in éineacht leis an Léachtóir atá i bhfeighil DICE ina n-institiúid féin, comhtháthaíonn siad an t-oideachas forbartha agus idirchultúrtha in obair gach institiúide.

Aoife-Titley

Aoife Titley

Is léachtóir san oideachas forbartha agus idirchultúrtha (DICE) i Roinn Froebel í Aoife Titley. Sular thosaigh sí i mbun oiliúint múinteoirí, bhíodh ag déanamh taighde i réimse an oideachais agus ba mhúinteoir iar-bhunscoile í. Áirítear lena cuid taighde san earnáil phobail agus dheonach tionscadail d’eagraíochtaí ar nós Gluaiseacht Taistealaithe na hÉireann, Ionad na hAfraice, an Comhcheangal Fiachais agus Forbartha, Éigse Éireann, Comhpháirtíocht Forbartha Chontae Cheatharlach agus Extern Ireland/FSS. Chomh maith leis sin, rinne sí a lán foilseachán a dhearadh agus a fhorbairt do bhunscoileanna, do Amnesty International Ireland, agus i gcomhair Churaclam Oideachais Mhorálta Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha (Pearson).

Tá Aoife ag gabháil do chéim dochtúra in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU), agus í ag díriú ar oiliúint múinteoirí. Sa taighde eimpíreach i gcomhair a tráchtais, scrúdaítear na bacainní atá ar oiliúint tosaigh múinteoirí i gcás daoine óga ó chúlraí eitneacha mionlaithe, agus na bacainní a bhraitear a bheith ar an oiliúint sin, faoi chuimsiú creat taighde atá bunaithe ar ghníomhaíocht rannpháirtíoch chriticiúil. I measc na réimsí taighde eile a bhfuil spéis aici iontu tá foghlaim seirbhíse idirnáisiúnta (cláir sheolta) agus gníomhaíochas sóisialta sna bunscoileanna.

Dr. Barbara O'Toole

Is léachtóir sinsearach san oideachas í an Dr Barbara O’Toole in Institiúid Oideachais Marino, áit a dtugann sí léachtaí i réimse an oideachais idirchultúrtha agus an oideachais ceartais dhomhanda. Tá Barbara ina stiúrthóir ar Lóchrann, an lárionad oideachais idirchultúrtha atá ag MIE, ina stiúrthóir ar an Máistir sa Leánn Oideachais (Foghlaim agus Ceannaireacht Idirchultúrtha), agus is í atá i gceannas ar an gcúrsa don Mháistreacht Ghairmiúil san Oideachas. Tá Barbara ina comheagarthóir ar fhoilseachán a tháinig ó Routledge le déanaí: Challenging perceptions of Africa in schools – Critical approaches to global justice education, le Ebun Joseph agus David Nyaluke.

Brighid Golden

Is léachtóir san Oideachas Domhanda í Brighid Golden i gColáiste Mhuire gan Smál. Is múinteoir bunscoile í Brighid a bhfuil obair déanta aici in Éirinn, i Sasana agus san India. Tá Céim Máistir ag Brighid ó Ollscoil Birmingham i gCineálacha Cur Chuige Idirnáisiúnta maidir le hOideachas le Forbairt Idirnáisiúnta. Agus í i mbun taighde i gcomhair na céime sin, scrúdaigh sí cineálacha cur chuige scoile uile maidir le hoideachas saoránachta domhanda ar an mbunleibhéal. Tá taithí aici freisin ar acmhainní teagaisc faoi chearta an duine a dhearadh agus a fhorbairt do bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna. Ina theannta sin, tá Brighid díreach tar éis a tráchtas PhD a chur isteach, dar teideal Critical Global Learning: Lessons from a Self-study Action Research Project in Initial Teacher Education in Ireland.

Orla Kelly

Dr. Orla Kelly

Is Léachtóir Sinsearach í an Dr Orla Kelly san Oideachas Sóisialta, Imshaoil agus Eolaíochta san Institiúid Oideachais, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Is comhordaitheoir ábhar í i réimse na heolaíochta bunscoile agus múineann sí modúil éagsúla ar an gclár B.Ed. Ina cuid teagaisc agus taighde, déanann sí a dícheall a chinntiú go ndéanfar daoine óga a spreagadh agus a chumhachtú ó thaobh maoirseacht ar an gcomhshaol agus spriocanna inbhuanaitheachta domhanda. Baineann Orla an méid sin amach trína taighde ar fhoghlaim amuigh faoin spéir, taighde atá dírithe go tréan ar fhoghlaim áitbhunaithe, agus ar an inbhuanaitheacht a theagasc trí mheán an oideachais i réimse na heolaíochta. Tá ailt phiarmheasúnaithe agus caibidlí leabhar foilsithe aici. Tá taithí aici freisin ar ábhair agus acmhainní teagaisc a ullmhú agus a fhoilsiú don oideachas luath-óige agus do bhunscoileanna, acmhainní a bhaineann le fuinneamh inbhuanaithe agus foghlaim amuigh faoin spéir/súgradh rioscach. Tá obair déanta aici le gníomhaireachtaí náisiúnta, Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann agus an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta ina measc.

Malcare WordPress Security