Ár Lucht Maoinithe

Faoi Chúnamh Éireann

Is é Cúnamh Éireann clár Rialtas na hÉireann don fhorbairt thar lear. Tá an clár á bhainistiú ag Rannóg de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha. 

Tá sé ina aidhm le clár comhair forbartha na hÉireann bochtaineacht, ocras agus gátar a laghdú, agus béim ar leith ar an Afraic fho-Shahárach. Trí thacú le forbairt fhadtéarmach agus trí chúnamh daonnúil a sholáthar i mbreis agus 80 tír, thar ceann mhuintir na hÉireann, tá Cúnamh Éireann ag cabhrú le saol níos fearr a chothú do chuid de na pobail is boichte ar domhan.

Sa Straitéis Oideachais um Shaoránacht Dhomhanda 2021–2025 atá ag Cúnamh Éireann, leagtar amach an chaoi a dtacóidh an Roinn Gnóthaí Eachtracha leis an bpobal iniúchadh a dhéanamh ar an nasc idir saincheisteanna domhanda agus a saol laethúil féin agus conas is féidir linn gníomhú, inár n-aonair agus le chéile, chun domhan níos fearr a bhaint amach. Léirítear sa straitéis bealach soiléir chun cinn chun ár n-uaillmhian a bhaint amach maidir le domhan níos cothroime, níos síochánta agus níos inbhuanaithe a bheith againn, ina gcothófar agus ina gcosnófar ár gcobhsaíocht, ár rathúnas, ár leasanna comhroinnte agus an saol atá romhainn le chéile.

Tá sé ina aidhm leis an maoiniú a dháilfear faoi chuimsiú na straitéise sin cur leis an bhfeasacht agus an tuiscint atá ag pobal na hÉireann ar shaincheisteanna a bhaineann leis an bhforbairt dhomhanda. Faoi chláir oideachais fhorbartha, cothaítear deiseanna chun teacht ar thuiscint ar na dúshláin atá romhainn ó thaobh ceartas domhanda agus ar an méid is féidir linne anseo in Éirinn a dhéanamh chun domhan níos cothroime agus níos inbhuanaithe a bhaint amach.

Tá an Tionscadal DICE ar cheann de chomhpháirtithe straitéiseacha Chúnamh Éireann san earnáil oideachais fhoirmiúil agus déantar é a mhaoiniú ar bhonn ilbhliantúil.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoi ghníomhaíochtaí teagaisc agus foghlama Chúnamh Éireann, téigh chuig a shuíomh gréasáin

 

DICE Partnership

Through the DICE Project, a strategic partnership with four higher education institutions providing initial teacher education at primary level, Irish Aid supported the provision of DE to all affiliated primary student teachers.

In the academic year 2019/2020, a total of 4864 learners were involved in the DICE project, including 3339 student teachers across the four partner institutions.

Since 2014, DICE has successfully embedded DE in the undergraduate primary teaching programmes of the participating institutions, engaging 100% of undergraduate primary student teachers in DE.

Irish Aid pursues a long-term approach to its support for development education through strategic partnership programmes with specifically:

  • The DICE Project (Development Education and Intercultural Education), which supports the integration of development education into primary initial teacher education
  • Irish Development Education Association (IDEA) for capacity building of development education practitioners
  • Irish Aid WorldWise Global Schools Programme (WWGS Programme) which supports post-primary schools students and teachers to engage in development education
  • SUAS which supports third level students in the non-formal sphere of higher education institutions to engage in development education through the STAND programme. 
  • Developmenteducation.ie for the online dissemination of development education resources

Strategic Partnerships

Malcare WordPress Security