Maidir le DICE

Maidir le DICE

Is tionscnamh straitéiseach náisiúnta oideachais é DICE a bunaíodh in 2003 agus tá á chur i bhfeidhm ag ceithre institiúid ina gcuirtear oiliúint tosaigh ar mhúinteoirí ar leibhéal na mbunscoileanna: Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath; Institiúid Oideachais Marino; Coláiste Mhuire gan Smál agus Roinn Froebel in Ollscoil Mhá Nuad.

Tá sé ina aidhm leis an tionscadal DICE cumas agus saineolas na mball foirne a fhorbairt agus a leathnú sna ceithre institiúid comhpháirtíochta agus an t-oideachas forbartha agus idirchultúrtha a leabú mar ghnéithe bunriachtanacha den oiliúint tosaigh múinteoirí ar leibhéal na mbunscoileanna in Éirinn. Faoin tionscadal, cuirtear leis an acmhainneacht atá ag léachtóirí agus múinteoirí faoi oiliúint ionas go mbeidh tuiscint ag múinteoirí nua-cháilithe ar an oideachas forbartha agus idirchultúrtha, go mbeidh meon díograiseach acu ina leith, agus go mbeidh na scileanna agus luachanna teagaisc acu chun na topaicí sin a mhúineadh ar bhealach éifeachtach. Leis sin, cuirtear an t-eolas, na scileanna, na luachanna, na smaointe agus na hinniúlachtaí ar fáil do mhúinteoirí faoi oiliúint a bheidh ag teastáil uathu chun oideachas forbartha agus idirchultúrtha a chomhtháthú ar fud churaclam na bunscoile.

Creidimid gur fearr is féidir saoránacht dhomhanda a fhorbairt trí mheonta éagsúla a mhealladh; fianaise a bhailiú ar bhonn taighde, smaointe a chomhroinnt agus dul i mbun plé agus díospóireachta; pobal cleachtais mealltach spreagúil a chothú atá bunaithe ar mhuinín agus ar chomhar idir comhghleacaithe; agus muid faoi threoir ag luachanna bunúsacha an chomhionannais, an cheartais shóisialta agus na forbartha inbhuanaithe.

Foireann Acadúil

Ceathrar Léachtóirí (beirt lánaimseartha: DCU agus MIC, beirt pháirtaimseartha: MIE agus Ollscoil Mhá Nuad) atá ag obair ar an tionscadal DICE i réimse an oideachais forbartha agus idirchultúrtha agus bíonn siadsan ag obair le pobal níos leithne i ngach institiúid a thacaíonn leis an obair a dhéanann DICE. Chomh maith le cúrsaí a phleanáil agus a mhúineadh, cuireann DICE forbairt ghairmiúil leanúnach ar fáil d’oideoirí múinteoirí, forbraíonn sé acmhainní dóibh agus soláthraíonn sé gníomhaíochtaí líonraithe eile.

Malcare WordPress Security