Sraith Físeán ón Tionscadal DICE

Is éard atá sa tSraith Físeán ón Tionscadal DICE ná 32 fhíseán ghearra ina dtugtar léargas ar thopaicí agus eispéiris éagsúla a bhaineann leis an Oideachas Saoránachta Domhanda ar leibhéal na mbunscoileanna.

Ar fáil anois ar
https://www.youtube.com/channel/UCUiM5Y4BBd7QkuGRiM_uvlg

Idir 3-6 nóiméad a mhaireann na físeáin agus tá siad á gcur i láthair ag Scoláirí, Oideoirí Múinteoirí, Múinteoirí agus lucht tacaíochta DICE. Dírítear sna físeáin ar thopaicí tábhachtacha amhail:

Oideachas i gcomhair na hInbhuanaitheachta
Pictiúrleabhair a Úsáid sa Seomra Ranga
Ciorclaíocht a Iniúchadh
An tAthrú Aeráide
Ilteangachas
Léann an Chomhionannais agus Litríocht na nÓg
Acmhainní Teagaisc

Tá Rohit Dutta le feiceáil freisin agus leabhar le Rowan Oberman, Farid’s Rickshaw Ride, á léamh aige. Is féidir an acmhainn sin a úsáid sa seomra ranga.

Malcare WordPress Security