Cluichí i réimse an Oideachais Forbartha

Is bealach den scoth iad na cluichí chun cruthaitheacht daoine a spreagadh agus is iontach an uirlis iontach teagaisc iad san oideachas forbartha agus idirchultúrtha. Is féidir topaicí tábhachtacha a chur i láthair ar bhealach sothuigthe agus aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna domhanda ag an am céanna. 

Gach bliain, eagraíonn Trócaire an comórtas Game Changers. 

Is comórtas é Game Changers atá dírithe ar dhaoine óga atá ag iarraidh dul i bhfeidhm ar an domhan agus a chreideann gur féidir dul ina bhun sin trí mheán cluichí. Cuireann daoine óga ó gach cearn d’Éirinn isteach cluichí atá bunaithe ar cheann de na trí théama seo: Ceartas Aeráide, Cearta an Duine nó na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna). Iarrtar orthu cluichí cláir, cluichí cártaí nó cluichí físeáin a dhearadh.

Gheofar tuilleadh sonraí anseo: https://www.trocaire.org/our-work/educate/youth/game-changers/ 

Malcare WordPress Security