Léirmheas Leabhair – Challenging Perceptions of Africa in Schools: Critical Approaches to Global Justice Education

Challenging Perceptions of Africa in Schools 
Arna chur in eagar ag Barbara O’Toole, Ebun Joseph, David Nyaluke

Deich gcaibidil atá sa leabhar seo, ina gcuirtear dúshlán an dioscúrsa oideachais maidir le teagasc faoin Afraic i mbunscoileanna na hÉireann, cé go bhfuil sé ábhartha ar gach leibhéal den chóras oideachais. 

Ceistítear ann na híomhánna agus na teachtaireachtaí diúltacha a bhíonn sa Domhan Thuaidh faoi mhuintir na hAfraice agus an tionchar a bhíonn aige sin ar dhearcadh agus ar mheonta páistí agus daoine óga. Scrúdaítear sa leabhar conas is féidir cur i gcoinne na steiréitíopaí diúltacha sa seomra ranga trí chur chuige oideachasúil atá bunaithe ar phrionsabail na dlúthpháirtíochta, an idirspleáchais agus an cheartais shóisialta.

“Is acmhainn fhíorluachmhar é an leabhar d’oideoirí mar go léirítear ann meon frith-eipistéimeolaíoch i leith pholaitíocht an eolais agus na hoideolaíochta i sochaithe na nDaoine Geala faoin Afraic agus faoi dhaoine de bhunadh na hAfraice. Bainfidh daltaí a bhíonn ag gabháil don Oideachas Ceartais Dhomhanda tairbhe as, agus is foireann uirlisí é chun scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi a sanntar pribhléid do dhioscúrsaí, bealaí smaointeoireachta agus bealaí maireachtála atá ag brath ar shárú a dhéanamh ar chearta daoine agus ar an dúlra ar mhaithe le nuachóiriú, fás agus dul chun cinn. Léirítear ann an chaoi a bhfuil cleachtas na forbartha trí mheán na carthanachta ag brath ar bhuanú ár gcuid pribhléidí féin, rud a neartaíonn maitrís choilíneach na cumhachta.” Kathleen Lynch, Ollamh le Leánn an Chomhionannais 2003–2018, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Éist leis an bpodchraoladh seo ina bhfuil Barbara, David agus Ebun ag plé an leabhair le Sean Delaney    

https://insideeducation.podbean.com/e/podcast-409-teaching-africa-and-challenging-perceptions-in-schools-29-11-20/

Malcare WordPress Security